Is tionscnamh rannpháirtíochta pobail é Clár Scoileanna an Gharda Síochána a forbraíodh i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais. Is féidir le Gardaí oilte é a chur ar fáil do dhaltaí uile na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.
Is deis an-úsáideach é an t-idirghníomhú le leanaí i scoileanna, ag leibhéal na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta, chun dul i dteagmháil le daoine óga maidir le réimse ábhar trína múintear patrúin stuama fhreagracha iompair do leanaí agus do dhaoine fásta óga.
Tá sé de chúram ar Ghardaí a bhfuil sainoiliúint orthu i ngach Rannán Garda an Clár a chur chun feidhme.
Conas ceacht a chur in áirithe.
Chun ceacht a chur in áirithe, déan teagmháil leis an Stáisiún Gardaí áitiúil. Gheobhaidh tú sonraí an stáisiúin san eolaire stáisiún, Eolaire Stáisiúin – Garda
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Clár Scoileanna an Gharda Síochána
Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail
Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal
Bloc 2, Urlár 3, Teach an Fhionnuisce, 28 Bóthar Conyngham, Baile Átha Cliath,
D08 T3CK
Teil: +353 1 666 3865
Ríomhphost: schoolsprogramme@garda.ie
Seo an chéad uair a chuirfear An Garda Síochána in aithne do na leanaí. Is é príomhaidhm na gcuairteanna seo Gardaí a chur in aithne do na leanaí agus tús a chur le caidreamh a chothú eatarthu.
Réamhscoil – Garda a chur in aithne – cuirfidh na Gardaí iad féin in aithne do na leanaí agus tabharfaidh siad roinnt leathanaigh/leabhar dathúcháin dóibh.
Naíonáin Shóisearacha – Bí Sábháilte – múintear do na leanaí cé hiad na strainséirí sábháilte ar féidir leo cabhair a iarraidh orthu má bhíonn cabhair ag teastáil uathu.
Naíonáin Shinsearacha – Ról an Gharda Síochána – léirítear anseo na róil éagsúla a bhíonn ag Gardaí agus conas glaoch ar chabhair.
Anois agus clár na luathbhlianta críochnaithe ag na leanaí agus iad beagán níos sine, is féidir le Gardaí mionsonraí breise a thabhairt faoi ról an Gharda Síochána agus labhairt faoi na haonaid éagsúla in An Garda Síochána a chuidíonn le daoine a choinneáil slán. De réir mar a éiríonn leanaí níos sine, cuirtear tuilleadh ceachtanna ar fáil atá curtha in oiriúint don tsábháilteacht phearsanta, do shábháilteacht Oíche Shamhna agus don tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar dhaoine eile.
Seo miondealú ar chlár na mbunscoileanna:
Rang 1/Rang 2 – Ról an Gharda
Tugtar breis sonraí anseo faoin obair a dhéanann Gardaí
Rang 1/Rang 2 – Sábháilteacht ar Bhóithre
Hi-Glo Silver Seatbelt Sheriff
D’ullmhaigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre na ceachtanna seo agus leagtar amach iontu a thábhachtaí atá sé go bhfeicfí thú, go mbeifeá sofheicthe agus go gcaithfeá do chrios sábhála.
Rang 1/Rang 2 – Sábháilteacht Phearsanta
Múintear sa cheacht seo do na leanaí conas fanacht slán agus iad amuigh faoin aer.
Rang 3/Rang 4 – Sábháilteacht Oíche Shamhna
Múintear sa cheacht seo faoin dlí maidir le tinte ealaíne agus conas fanacht slán Oíche Shamhna
Rang 3/Rang 4 – Mo Chomharsana
Múintear anseo dúinn conas a bheith inár mbaill mhaithe dár bpobal.
Rang 3/Rang 4 – Bí Cineálta ar Líne
Foghlaimeoidh na daltaí:
- – Cad is cibearbhulaíocht ann
- – An chaoi ar féidir le cibearbhulaíocht duine a ghortú
- – Go mbíonn cibearbhulaíocht mícheart i gcónaí
- – An chaoi ar féidir lena ngníomhartha, lena neamhghníomh agus lena bhfreagairtí ar an méid a phostálann daoine eile ar líne cur leis an gcibearbhulaíocht, bíodh sin déanta d’aon ghnó nó de thaisme
- – Cad a d’fhéadfaidís a dhéanamh chun cibearbhulaíocht ina gcoinne féin agus i gcoinne daoine eile a chosc
Rang 5/Rang 6 – Coireacht a Imscrúdú
Féachtar sa cheacht seo ar cad is coir ann agus ar an gcaoi a ndéantar imscrúduithe.
Rang 5/Rang 6 – Loitiméireacht
Scrúdaítear sa cheacht seo cad is loitiméireacht ann agus na dlíthe a bhaineann léi.
Rang 5/Rang 6 – M’Iompar ]
Scrúdaítear sa cheacht seo an tionchar a bhíonn ag iompar duine óig ar an bpobal.
Forbraíodh Clár Iar-bhunscoileanna an Gharda Síochána chun teacht le siollabas Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. \ Tá Gardaí oilte ar fáil chun ranganna a éascú i gcomhar leis na múinteoirí mar chuid den chúrsa OSPS ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí sna modúil seo a leanas:
Bliain 1 – Bliain 3 – Sábháilteacht Phearsanta
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:
- – Cad is sábháilteacht phearsanta ann?
- – Cén fáth a bhfuil sí tábhachtach?
- – Conas tú féin a choinneáil slán.
- – Sábháilteacht Rothaíochta.
- – Sábháilteacht Fóin Póca.
Bliain 1 – Bliain 3 – Sábháilteacht ar an Idirlíon
Connect with Respect – Beidh na daltaí in ann ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht a aithint agus tuigfidh siad nach bhfuil glacadh leo. Fiosróidh na daltaí an tionchar a bhíonn ag cibearbhulaíocht agus ciapadh ar líne ar dhaoine óga. Beidh siad in ann bealaí a shainaithint chun freagairt go héifeachtach má dhéanann ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht difear dóibh.
Be in CTRL – Dírítear in acmhainn Be in Ctrl ar chomhéigean gnéasach agus sracadh gnéasach ar líne a dhéanann daoine fásta ar dhaoine óga, ach d’fhéadfadh an t-iompar seo a bheith ann i dtimpeallacht piaraí freisin.
Bliain 1 – Bliain 3 – Mí-Úsáid Substaintí
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:
- – Cad is alcól ann? Conas a oibríonn sé?
- – Iarmhairtí an Alcóil
- – Cad is cannabas ann?
- – Éifeachtaí Cannabais
- – Pionóis as Cannabas a Úsáid
- – Reachtaíocht
Bliain 1 – Bliain 3 – Cearta an Duine, Comhionannas agus Éagsúlacht
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:
- – Ról an Gharda Síochána maidir le Cearta an Duine a chosaint
- – Comhionannas
- – Idirdhealú
- – Ciníochas
- – Coireacht Fuatha
- – Éagsúlacht
Bliain 1 – Bliain 3 – Dlí Coco
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na bearta cuí atá le déanamh má thagann siad ar ábhar díobhálach ar líne, amhail íomhá dhlúthphearsanta a fháil, lena n-áirítear é a thuairisciú, cabhair a lorg agus a gcearta a thuiscint. Déanfaidh siad machnamh ar a thábhachtaí atá sé príobháideacht agus teorainneacha daoine eile ar líne a urramú, tionchar a ngníomhartha a thuiscint agus freagracht a ghlacadh as timpeallacht dhigiteach shábháilte dhearfach a chruthú.
Bliain 4 – Bliain 6 – Mí-Úsáid Substaintí
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint agat ar na nithe seo a leanas:
- – Cad is mí-úsáid substaintí ann?
- – Cad is druga rialaithe ann?
- – Reachtaíocht
- – Stopadh agus Cuardach
- – Comharthaí agus Siomptóim a bhaineann le hÚsáid/Mí-Úsáid Drugaí
Bliain 4 – Bliain 6 – Iarmhairtí Iompair Choiriúil
Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint agat ar na nithe seo a leanas:
Smaoineamh sula ngníomhaíonn tú. Dírítear sa cheacht seo ar ionsaithe agus ar ionsaithe aon bhuille amháin.
Tacaíonn Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), mar chuid de churaclam na scoile, le forbairt phearsanta, sláinte agus folláine daoine óga agus cabhraíonn sé leo caidrimh thacúla a chruthú agus a chothabháil.
Tá An Garda Síochána ag cur faisnéis ábhartha leis an ábhar a chlúdaíonn na múinteoirí agus ag míniú na reachtaíochta ar bhealach a thuigeann daoine óga.
Leabhrán Amhairc an Gharda
Leabhrán Cabhrach Amhairc de chuid an Gharda Síochána do mhúinteoirí, le húsáid le páistí a bhfuil riachtanais bhreise nó speisialta acu mar chuid den ullmhúchán do chuairt ón nGarda Síochána ar an scoil.
Tá na comhaid inphriontáilte do Leabhrán Amhairc an Gharda le fáil thíos.
Help 4 You
Is ardán digiteach é Help4U, arna fhorbairt ag Europol agus CENTRIC, chun tacú le leanaí agus déagóirí a d’fhéadfadh a bheith ag fulaingt de bharr mí-úsáid ghnéasach ar líne nó cineálacha eile dochair ar líne. Tá an t-ardán deartha le bheith simplí, príobháideach agus inrochtana, agus cuireann sé eolas soiléir ar fáil do dhaoine óga maidir le cá háit ar féidir leo cabhair a fháil, conas a gcearta a thuiscint agus conas rochtain a fháil ar thacaíocht chuí. D’fhéadfadh an t-ardán a bheith ina chabhair i gcásanna ina gcuirtear brú ar dhuine óg a bheith míchompordach ar líne, ina n-iarrtar air íomhánna a sheoladh, ina ndéantar dúshaothrú nó ciapadh air, ina mbíonn sé thíos le dúmhál gnéis, le hionramháil nó le calaois aitheantais (cluanaíocht fhíorúil), nó i gcásanna ina roinntear íomhánna gnéis gan toiliú.
Tá Help4U dírithe ar dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach cuireann sé eolas úsáideach ar fáil freisin do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do ghairmithe a d’fhéadfadh a bheith ag tacú le duine óg. Cuireann an t-ardán ar chumas daoine óga rochtain a fháil ar thacaíocht ar bhealach a bhraitheann siad is sábháilte dóibh, lena n-áirítear trí fhaisnéis a léamh, úsáid a bhaint as roghanna comhrá nó seirbhísí a aimsiú ar féidir leo cabhrú leo.
Thacaigh an Garda Síochána le forbairt an ardáin Help4U mar chuid dá ghealltanais do EMPACT, an t-ardán ildisciplíneach Eorpach i gcoinne bagairtí coiriúla. Thug an fhoireann um shaothrú leanaí ar líne ag Biúró Náisiúnta na nGardaí um Sheirbhísí Cosanta tacaíocht do Europol maidir leis an ardán a fhorbairt, agus é mar aidhm acu cabhrú le cosc a chur ar shaothrú leanaí ar líne agus comhairle agus cúnamh a chur ar fáil do leanaí ar íospartaigh iad.
Treoraíonn an t-ardán Help4U úsáideoirí chuig seirbhísí tacaíochta in Éirinn freisin, lena n-áirítear Hotline.ie a éascaíonn tuairisciú a dhéanamh ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne agus ISPCC.ie, a chuireann líne chabhrach ar fáil do leanaí a bhíonn ar fáil ceithre huaire déag is fiche sa lá.
Tá sé mar aidhm ag Help4U pointe tosaigh sábháilte agus inrochtana a chur ar fáil do dhaoine óga a d’fhéadfadh a bheith neamhchinnte faoi cá rachaidh siad. Cuireann sé treoir phraiticiúil ar fáil, cabhraíonn sé le daoine óga a thuiscint go bhfuil tacaíocht ar fáil, agus cabhraíonn sé leo an chéad chéim eile a ghlacadh chun cabhair a fháil.
Is féidir rochtain a fháil ar an ardán Help4U ag:
H4U – Ardán Help4U - https://www.help4u-project.eu/
